Written answers
Wednesday, 27 September 2006
Department of Environment, Heritage and Local Government
Cúrsaí Pleanála
8:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 1558: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i bhfianaise chinneadh an Bhoird Pleanála maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist ag an Aire rialacháin a dhéanamh faoi alt 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a chleanglóidh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar agus go n-ullmhófaí ráiteas tionchair teanga neamhspleách maidir le gach forbairt a mholtar i limistéir Ghaeltachta. [29896/06]
Dick Roche (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi alt 10(2)(m) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000, ní mór aidhmeanna faoi chosaint oidhreacht teangeolaíochta agus cultúrtha na Gaeltachta, agus faoi chuir chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail, a bheith i measc aidhmeanna an phlean fhorbartha – áit a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceist. Caithfidh na h-údaráis phleanála, agus An Bord Pleanála, na h-aidhmeanna seo a thabhairt san áireamh agus cinneadh a ghlacadh acu ar chásanna pleanála. Tá mé sásta gur cuí na forálacha seo chun déileáil le cúrsaí teanga agus cultúrtha sa Ghaeltacht, ó thaobh pleanála de, agus nach gá tuilleadh rialacháin a cheapadh ag an pointe seo.
No comments