Written answers
Wednesday, 27 September 2006
Department of Education and Science
Scéim Tógála Scoile
8:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 1397: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an iarratas ó Ghaelscoil Philib Barún, Trá Mhór, Contae Phort Láirge, ar fhoirgneamh buan (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina dtaobh [29740/06]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá Rannóg Phleanála Scoileanna mo Roinne tar éis iarratas a fháil ar oibreacha móra caipitil ón údarás bainistíochta sa scoil dá dtagrann an Teachta. Measúnaíodh an t-iarratas de réir na gcritéar tosaíochta a foilsíodh do thionscadail ar scála mór agus sannadh rátáil Bhanda a 2 dó. Iarradh faisnéis nuashonraithe ón gcigire áitiúil i dtaobh rollachán réamheasta. Chomh luath agus a fhaightear an fhaisnéis seo beidh an Rannóg Phleanála Scoileanna i dteagmháil le húdarás bainistíochta na scoile chun an tionscadal a chur chun cinn.
No comments