Written answers

Wednesday, 27 September 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

8:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 1145: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fuair sé amach faoin gComhaontú Saincomhairleoireachta idir Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag a bhfuil feidhm ó 1 Samhain 2005. [29947/06]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 1146: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta gur ceapadh Comhairleoir faoin gComhaontú Saincomhairleoireachta idir Údáras na Gaeltachta agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag a bhfuil feidhm ó 1 Samhain 2005 gan an conradh a fhógairt sna nuachtáin chun cuireadh a thabhairt d'iarratasóirí cur isteach ar an gconradh. [29948/06]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 1147: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an gcuardach a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge laistigh d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus lasmuigh di chun teacht ar dhuine oiriúnach do chonradh an Chomhairleora faoin gComhaontú Saincomhairleoireachta idir Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag a bhfuil feidhm ó 1 Samhain 2005. [29949/06]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 1148: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta nár cuireadh aon ráiteas poiblí amach i leith an Comhairleoir a cheapadh faoin gComhaontú Saincomhairleoireachta idir Údarás na Gaeltachta agas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag a bhfuil feidhm ó 1 Samhain 2005 [29950/06]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 1149: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta gur leanadh na nósanna imeachta cearta i leith an Comhairleoir a cheapadh faoin gComhaontú Sainchomhairleoireachta idir Údarás na Gaeltachta agas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag a bhfuil feidhm ó 1 Samhain 2005. [29951/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 1145 go 1149, san áireamh, lechéile.

Ba mar thoradh ar cheist ó iriseoir chuig mo Roinnse ar 22 Meán Fómhair 2006 maidir leis an gcomhaontú atá luaite ag an Teachta a d'iarr agus a fuair mo Roinn nóta eolais i leith an cháis ó Údarás na Gaeltachta.

É sin ráite, ní mór dom a mheahbrú don Teachta nach bhfuil aon fheidhm reachtúil agamsa mar Aire maidir le riaradh ghnóthaí laethúla Údarás na Gaeltachta. Dá bhrí sin, tuigfidh an Teachta nach bhfuil agus nach raibh aon bhaint agamsa ná ag mo Roinnse leis an gcomhaontú sonrach seo agus nach mbeadh sé cuí go dtarlódh a leithéid.

Chomh fada agus a bhaineann sé leis an dualgas atá ar mo Roinnse maidir le rialú corparáideach Údarás na Gaeltachta, ba mhaith liom a threisiú go leagtar síos coinníollacha soiléire i litir cheadúcháin mo Roinne chuig an Údarás gach bliain faoi na rialacha agus na próisis dea-chleachtais atá le leanúint chun a chinntiú go gcomhlíonann an tÚdarás a chuid dualgas go héifeachtach agus go cuí i ngach gné dá chuid oibre. Bíonn plé rialta ag oifigigh mo Roinne leis an Údarás faoin gcóras rialaithe seo. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste cuntais Údarás na Gaeltachta a iniúchadh gach bliain agus leagtar cóip de na cuntais sin, maraon le tuarascáil bhliantúil na heagraíochta, faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Maidir leis an gcás airithe atá luaite ag an Teachta, tá iarrtha agam ar mo Roinnse

deimhniú a lorg ón Údarás gur tugadh aird ar na rialacha agus na próisis chuí chun a chinntiú go bhfuil an caiteachas atá déanta, agus le déanamh, in ord agus ag cloí leis an mbunphrionsabal go bhfuil an luach is fearr ar chaiteachas á fháil aige chun cuspóirí straitéiseacha na heagraíochta a bhaint amach; agus

eolas a lorg faoi na nósanna imeachta a leanadh chun na críche sin.

Maidir le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de, chuir mo Roinn deontas ar fáil i 2003 chun an tAcadamh a bhunú agus tá deontas reáchtála bliantúil curtha ar fáil dó ó shin chun tacú leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a chur chun cinn. Is faoi stiúir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, atá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag feidhmiú, áfach, agus níl aon bhaint agamsa mar Aire ná ag mo Roinnse le riaradh ghnóthaí laethúla nó le rialú corparáideach an Acadaimh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.