Written answers

Wednesday, 14 June 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Community Development

9:00 pm

Photo of Jack WallJack Wall (Kildare South, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 163: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs the mechanism available to a community group (details supplied) in County Kildare to apply for funding; and if he will make a statement on the matter. [22977/06]

Photo of Noel AhernNoel Ahern (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

My Department funds a Programme of Grants for Locally-Based Community and Voluntary Organisations, which supports the activities of local voluntary and community groups, addressing disadvantage in their community. The Programme makes funds available for small scale refurbishment of premises, for the purchase of essential equipment, including I.T. equipment, and for education, training and research grants. The maximum grant for refurbishment is €40,000; for equipment is €10,000; and for training, education and research is €10,000.

The 2006 Programme will be advertised in the coming weeks in the national and provincial newspapers. I have arranged for a copy of the application form and guidelines to be sent to the group referred to by the Deputy when they are available, should the group wish to make an application under this year's Programme.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 164: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céibheanna beaga i nDún na nGall a bhfuil iarratas déanta ar dheontais feabhsúcháin ina leith agus an bhfuil na deontais ceadaithe nó á gceadú gan mhoill agus; an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [23013/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bíonn comhráití idir mo Roinnse agus Comhairle Chontae Dhún na nGall gach bliain maidir le céibheanna beaga sa Ghaeltacht a thagann faoi chritéir na scéime agus a bhfuil oibreacha feabhsúcháin de dhíth orthu. Tá an plé sin críochnaithe anois don bhliain reatha agus tá clár na gcéibheanna beaga i nGaeltacht Dhún na nGall á meas ag mo Roinn faoi láthair. Tig leis an Teachta glacadh leis go mbeidh deontais á gceadú agus na sonraí ábhartha á bhfógairt chomh luath agus is féidir.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 165: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a chuirfear aerstráice ar fáil ar Oileán Thoraí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23014/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, le cúpla bliain anuas tá obair réamh-phleanála idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun aerstráice a thógáil ar Oileán Thoraí. Ag eascairt ón obair seo, fuarthas cead pleanála don fhorbairt ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 2004. Tá an cuardach chun úinéirí an talaimh a aimsiú críochnaithe anois ag an Údarás agus tá oifigigh de chuid mo Roinne-se i dteagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall faoi láthair maidir leis na hOrduithe Ceannacháin Éigeantaigh a bheidh riachtanach chun an talamh don fhorbairt a cheannach.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 166: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an socrú atá déanta idir a Roinn agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le cómhaoiniú a dhéanamh ar thógáil halla spóirt ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23015/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá plé ar siúl idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi láthair maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann le cómhaoiniú a chur ar fáil don tionscadal atá luaite ag an Teachta faoi Scéimeanna Feabhsúcháin mo Roinne-se. Tuigtear dom go gcaithfidh togra den chineál seo dul trí roinnt céimeanna sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus go bhfuil an Roinn sin ag plé faoi láthair le gnéithe pleanála agus dearaidh de. Chomh luath agus a bheidh na sonraí riachtanacha uile ar fáil, déanfar cinneadh maidir le ceist an chómhaoinithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.