Written answers

Wednesday, 14 June 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Irish Language

9:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 68: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad atá déanta aige agus cad é a phlean do Ghaeltacht ghlas na Mí. [22784/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Glactar leis gur faoi na limistéir Ghaeltachta atá an Teachta ag cur tuairisce sa Cheist seo agus, sa chomhthéacs sin, dírítear a aird ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 368 ar 23 Bealtaine 2006 maidir leis an staidéar teangeolaíoch atá ar siúl i láthair na huaire. Tá an staidéar seo, a thosaigh i mí Aibreáin 2004 agus a bheidh críochnaithe níos deireanaí i mbliana, dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun:

∙forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú; agus

∙athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta.

Mar a mhínigh mé cheana, beidh na roghanna éagsúla tíreolaíochta agus déimeagrafaíocha, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar lena n-áirítear Gaeltacht na Mí. Ní dhéanfar aon chinneadh maidir le hathruithe ar na limistéir Ghaeltachta go dtí go mbeidh torthaí agus moltaí an staidéir meáite go cúramach ag mo Roinn agus pé moltaí ábhartha is gá a bheith curtha faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Ach an oiread le gach ceantar Gaeltachta eile, tagann mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta i gcabhair de réir mar a oireann ar Ghaeltacht na Mí faoi réir na scéimeanna, na mbeartas agus na modhanna éagsúla ar féidir leis an Roinn agus leis an Údarás faoi seach a dhéanamh.

Más amhlaidh gur eolas difriúil atá á lorg ag an Teachta sa Cheist seo, beidh mé sásta é sin a chur ar fáil feadh mo chumais ach sonraí níos beaichte a bheith curtha ar fáil aige.

Tá infheistíocht shuntasach déanta ag mo Roinn faoin iliomad scéimeanna atá ann. Tá iarratas á mheas faoi láthair ar dheontas d'amharclann do Ráth Chairn.

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 69: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an caidreamh a bhíonn aige le hAirí i rialtais eile a bhíonn freagrach as teanga dhúchasach agus cad iad na comparáidí agus na ceachtanna atá foghlamtha aige ón taithí sin. [22783/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá an tír seo páirteach i gComhairle na Breataine-na hÉireann (CBÉ). Ag cruinniú mullaigh den Chomhairle sa bhliain 2002, aontaíodh gur ar Rialtas Thíonól na Breataine Bige a bheadh an príomhchúram maidir le hobair a chur chun cinn i réimse na dteangacha mionlaigh agus neamh-fhorleathana.

Tá oidhreacht shaibhir teanga ag gach ball den CBÉ agus tá fonn mór orthu na buntáistí is fearr is féidir a bhaint as an éagsúlacht teanga sin trí chomhoibriú agus foghlaim ó thaithí a chéile, mar aon leis na cleachtais agus na foinsí eolais is fearr a roinnt i réimsí ábhartha éagsúla.

I láthair na huaire, tá baill an CBÉ ag díriú ar cheithre réimse ar leith:

∙Measúnú ar thorthaí taighde maidir le seachadadh teangacha ó ghlúin go glúin;

∙Na struchtúir a thacaíonn le foghlaim teanga mionlaigh i measc daoine fásta;

∙Na tosaíochtaí do na teangacha éagsúla i ndáil le forbairt ICT a aithint; agus

∙Polasaí pleanála agus tosca teangeolaíochta.

Tá fo-choiste de shaineolaithe ar chúrsaí ríomhaireachta bunaithe ag an ngrúpa le scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le dea-chleachtais i gcórais ríomhaireachta agus mionteangacha a mhalartú.

Is féidir liom a rá go bhfuil ról lárnach agus páirt ghníomhach á ghlacadh ag oifigigh mo Roinne san obair thábhachtach agus riachtanach seo. Mar léiriú air seo, reáchtálfar Cruinniú Aireachta i nGaillimh i bhFómhar na bliana seo ag a dtabharfar aird ar na hábhair seo le béim ar leith ar sheachadadh teanga i measc teaghlach agus oideachas do dhaoine fásta.

Is fiú dom a rá chomh maith, le linn dom bheith ag ullmhú na reachtaíochta do Bhille na dTeangacha Oifigiúla go raibh an-phlé agus comhoibriú ar fáil ón mBreatain Bhig agus ó Cheanada ach go háirithe i ndáil leis an reachtaíocht teanga a bhí i bhfeidhm sna tíortha sin. Táim cinnte go leanfaidh an comhoibriú seo sa todhchaí agus gur féidir linn ar fad foghlaim óna chéile.

Ní miste dom a rá chomh maith go raibh comhráití agam, le linn na cuairte a thugas ar an Nua-Shéalainn níos túisce i mbliana, le Coimisiún Teanga na Maori. Bhain na comhráití sin go príomha leis na bealaí is éifeachtaí chun an ghlúin óg a ghríosadh le páirt lárnach ghníomhach a ghlacadh i gcaomhnú agus i bhforbairt a dteanga dúchais agus, ar ndóigh, ar na córais dhlí atá i bhfeidhm sa Nua-Shéalainn agus sa tír seo i dtaca le cúrsaí teanga.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 70: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs if he expects the panel accredited to provide Irish language translation services for both the public and private sectors to be in place before Dáil Éireann rises for the summer 2006 recess; and if he will make a statement on the matter. [22741/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

As I indicated in response to Question No. 118 on 16 Bealtaine 2006, I have requested Foras na Gaeilge to develop an accreditation system for Irish language translators.

The first step in this process was an examination, which was held on 8 April 2006. A panel of accredited translators will be established as a result of this examination and I understand that this panel will be available shortly. Further examinations will be held at regular intervals on an ongoing basis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.