Written answers

Wednesday, 14 June 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Departmental Funding

9:00 pm

Photo of Joe CostelloJoe Costello (Dublin Central, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 65: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil staidéar déanta aige ar an tslí inar scaipeadh na deontais tithíochta idir na Gaeltachtaí i 2005; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22759/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Íocann mo Roinn deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) le hiarratasóirí cáilithe Gaeltachta nach bhfuil teach maith acu sa Ghaeltacht chun tithe nua a thógáil nó chun obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar thithe atá acu cheana féin. Tá sonraí i dTábla I leis seo maidir le hiarratais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929-2001 i gcás na gcontaetha Gaeltachta eagsúla i 2005.

Tuigfidh an Teachta go bhfuil líon na n-iarratas ó na contaetha éagsúla ag brath ar an éileamh agus níl aon athrú suntasach le tabhairt faoi deara ar iarratais 2005. Nuair a cheadaíonn mo Roinn deontas, ní íoctar an deontas sin, ar ndóigh, nó go mbíonn an obair déanta.

Mar áis don Teachta, leagtar amach i dTábla II thíos na deontais éagsúla atá ar fáil d'iarratasóirí cáilithe ó mo Roinn faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

TÁBLA I: Iarratais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929-2001 i gcás na gcontaetha Gaeltachta eagsúla i 2005
Gaeltacht Líon iarratas ar dheontas Líon na ndeontas a íocadh Méid iomlán a íocadh
Dún na nGall 250 186 912,216
Maigh Eo 89 90 406,712
Gaillimh 344 312 2,199,677
Ciarraí 94 89 351,226
Corcaigh 36 28 168,571
Port Láirge 12 8 40,106
An Mhí 13 10 20,470
Iomlán 838 723 4,098,978
TÁBLA II: Deontais atá ar fáil d'iarratasóirí cáilithe ón Roinn faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht)
Saghas Deontais Mórthír Oileáin
Teach Nua 5,100 15,300
Feabhsúcháin Riachtanacha 5,100 15,300
Uisce (soláthar / feabhsú) 2,420 3,630
Séarachas 1,040 1,560
Seomra folctha 1,560 2,340
Feabhsúcháin Riachtanacha ar Shaoráidí Sláintíochta 640 960
Méaduithe Speisialta do Chuairteoirí 1,280 (an seomra) 1,920 (an seomra)
Díon tuí a athnuachan 7,000 10,500

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.