Written answers
Tuesday, 30 May 2006
Department of Education and Science
Polasaí Oideachais
8:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 557: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é líon na nIonad Oideachais Lánaimseartha agus Páirtaimseartha atá ag fáil maoinithe ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta; cad é an tsuim airgid a cuireadh ar fáil dóibh sna blianta 2000, 2001, 2002, 2003, 2004 agus 2005 faoi na ceannteidil seo a leanas: Ionaid Lánaimseartha, Ionaid Pháirtaimseartha, Ionaid atá lonnaithe sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20402/06]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá líonra Ionad Oideachais á mhaoiniú ag mo Roinn. Tá na hIonaid san suite tríd an tír chun forbairt ghairmiúil agus tacaíocht a thabhairt d'oidí agus don phobal oideachais áitiúil. Tá 21 Ionad Oideachais ag feidhmiú go lán-aimseartha agus 9 gcinn ag feidhmiú ar bhonn páirt-aimseartha. Tá 3 chinn sna Gaeltachtaí seo a leanas: Chorca Dhuibhne, i gCiarraí, i gConamara agus Árann agus i nGort a'Choirce, i nDún na nGall.
Maidir le maoiniú, léiríonn an clár seo a leanas na suimeanna airgid a cuireadh ar fáil ó mo Roinn, do na hIonaid Oideachais éagsúla, idir 2000 agus 2005: tá an clár seo mar cheangaltán leis an bfhreagra seo.
No comments