Written answers
Thursday, 25 May 2006
Department of Education and Science
Caighdeán agus Úsáid na Gaeilge
5:00 pm
Dan Boyle (Cork South Central, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 93: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an féidir léi a rá go bhfuil caighdeán agus úsáid na Gaeilge i measc scoláirí meánscoile sna Gaeltachtaí chomh maith agus a bheadh caighdeán na Gaeilge i roinnt meánscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath mar shampla. [18164/06]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Níl aon taighde déanta a léireodh comparáid idir scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge ó thaobh caighdeán agus úsáid na Gaeilge i measc scoláirí de. Mar sin ní féidir ceist an teachta a fhreagairt le cinnteacht. Ar na deacrachtaí is mó a bhaineann le scoileanna Gaeltachta a bheith ina scoileanna lán-Ghaeilge tá teaghlaigh nach í an Ghaeilge a rogha teanga ach arb í an scoil Ghaeltachta an scoil áitiúil acu.
No comments