Written answers
Tuesday, 16 May 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Ghaeilge
9:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 121: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfógróidh sé níos forleithne na deiseanna fostaíochta cóir a bheith ann do chainteoirí Gaeilge sa Bhruiséil agus in Éirinn má tá Acht na dTeangacha Oifigiúila le cur i bhfeidhm i gceart. [18164/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigfidh an Teachta nach bhfuil freagracht ormsa, mar Aire, deiseanna fostaíochta do chainteoirí Gaeilge sa Bhruiséil, ná in Éirinn fiú, seachas i mo Roinn féin, b'fhéidir, a fhógairt.
Mar chabhair don Teachta, áfach, tá socraithe agam go gcuirfí chuige téacs an ráitis a d'eisigh EPSO, oifig earcaíochta an Aontais Eorpaigh, ar 5 Bealtaine seo caite maidir le 30 post atá fógraithe acu siúd d'aistritheoirí Gaeilge.
No comments