Written answers

Tuesday, 16 May 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Ghaeilge

9:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 106: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na deacrachtaí is mó dar leis i leith chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [18147/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar an dtuarascáil tionscnaimh maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla don tréimhse Iúil 2003-31 Nollaig 2004 atá leagtha ós comhair Thithe an Oireachtais agam i gcomhréir le halt 5 den Acht céanna. Mar atá leagtha amach sa tuarascáil sin, agus go deimhin mar atá ráite agam go minic sa Teach seo, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn céimiúil.

É sin ráite, ní miste dom pointe a dhéanamh, ar eagla aon mhíthuisceana, maidir le hábhar na scéimeanna teanga atá curtha faoi mo bhráid le daingniú ag comhlachtaí poiblí. Tuigtear go forleathan go bhfuil cumas agus acmhainn teoranta ag roinnt eagraíochtaí san earnáil phoiblí faoi láthair ó thaobh sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge de. Sa chomhthéacs sin, thuigfí go mbeadh a gcuid scéimeanna bunaithe dá réir ar leibhéal seirbhísí a bheidh íseal go leor. Ní mór an cumas agus acmhainn teoranta sin a chur san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar scéimeanna a aontófar amach anseo. Mar atá ráite agam go minic, is togra fadtéarmach é cur i bhfeidhm an Achta agus, cé go bhfuilim muiníneach go mbeidh torthaí fiúntacha ar an gcéad bhabhta scéimeanna, beidh gá tógáil orthu sa mheán-tréimhse tríd an bpróiseas athnuachana a tharlóidh gach trí bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.