Written answers
Tuesday, 16 May 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Ghaeilge
9:00 pm
Joe Costello (Dublin Central, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 103: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseoidh an Rialtas an ráiteas atá geallta aige ar an nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [18144/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a mhínigh mé don Teach mar fhreagra ar roinnt ceisteanna faoin ábhar seo cheana, iarradh tuairimí ó chomhaltaí Fhóram na Gaeilge sa bhliain 2005, i gcomhthéacs an róil chomhairleoireachta a tugadh don ghrúpa, maidir le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt don Ghaeilge mar aon le tosaíochtaí gaolmhara gearr-théarmacha, agus tá obair ar na ceisteanna sin idir lámha.
Tá an cheist maidir le ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tagtha chun cinn mar ábhar tosaíochta sa chomhthéacs sin. Tá dul chun cinn suntasach bainte amach faoin ábhar seo agus tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoi seo go luath.
No comments