Written answers
Tuesday, 16 May 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foclóir Béarla-Gaeilge
9:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 100: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a thosóidh Céim a Dó de thionscadal an fhoclóra Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [18145/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a thug mé le fios sa fhreagra ar Cheist Uimh. 133 den 8 Feabhra 2006, tá céim a haon den tionscadal seo curtha i gcrích.
Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge bainisteoir tionscadail agus eagarthóir foclóireachta a fhostú le céim a dó den tionscadal a bhogadh ar aghaidh. Is céim chasta í an chéad chéim eile, is é sin, tiomsú agus scríobh an fhoclóra, idir leagan leictreonach agus an leagan clóite de. Meastar gur obair thrí nó ceithre bliana a bheidh i gceist chun céim a dó a chríochnú. Ina dhiaidh sin, beidh an dá leagan den fhoclóir críochnaithe le táirgeadh agus meastar go dtógfaidh an próiseas sin suas le bliain.
Ní mór dul trí nósanna imeachta ar leith sa chomhthéacs Thuaidh/Theas chun Bainisteoir Tionscadail agus Eagarthóir Foclóireachta a fhostú do chéim a dó agus tá an próiseas sin idir lámha faoi láthair.
No comments