Written answers
Wednesday, 3 May 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Irish Language
9:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 345: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bearta atá á ndéanamh sa Roinn chun an céatadán den fhoireann atá líofa sa Ghaeilge a ardú os cionn an 30% atá luaite aige. [16006/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar chuid de pholasaí earcaíochta mo Roinne, déantar iarracht a mhéad is féidir oifigigh le Gaeilge líofa a fhostú. Nuair nach bhfuil sé indéanta oifigigh le Gaeilge líofa a fháil, déantar iarracht oifigigh le heolas éigin ar an nGaeilge a fhostú.
Tá líofacht sa Ghaeilge éigeantach do gach oifigeach a cheaptar in oifigí mo Ranna sna Forbacha agus do phostanna áirithe sa cheanncheathrú, i gcás ach go háirithe go mbítear ag déileáil le gnóthaí a bhaineann leis an nGaeilge.
Trí stráitéis oiliúna mo Roinnese, táthar ag iarraidh a chinntiú go bhfuil fáil níos fearr ar sheirbhísí ard-chaighdeáin trí mhéan na Gaeilge. Cuirtear eolas agus tacaíocht ar fáil d'fhoireann mo Roinne chun spreagadh a thabhairt dóibh freastal ar na cúrsaí Gaeilge a bhíonn eagraithe ag Gaeleagras agus ar chúrsaí Gaeilge eile den scoth. Chomh maith leis sin, tá mo Roinnse ag eagrú cúrsaí oiliúna i nGaeilge chun cabhrú le hoifigigh a gcuid scileanna a fhorbairt agus iad ag plé go díreach le custaiméirí.
No comments