Written answers
Wednesday, 26 April 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Clár Oibre na nOileán
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 215: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfidh sé deontas breise ar fáil leis an bhalla chosanta ag an Bhaile Thiar, Oileán Thoraigh, a chríochnú. [15604/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I 2005, ar iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall, cheadaigh mé deontas €32,500, nó 50% den chostas, faoi Chlár Oibre na nOileán 2005-06 chun an balla cosanta ag an mBaile Thiar, Oileán Thoraí, a láidriú agus tá an obair sin curtha i gcrích.
De réir meastacháin a fuarthas ón gComhairle Chontae, áfach, chosnódh sé €255,000 breise chun obair ar an mballa a chur i gcrích ina iomláine, ar a n-áirítear an balla a ardú agus síneadh 30 m a chur leis.
Déanfar an cás seo a mheas tuilleadh i gcomhairle le Comhairle Chontae Dhún na nGall, i gcomhthéacs an airgid a bheidh ar fáil dom le caitheamh ar fhorbairt oileánda i 2006-07 agus na n-éileamh éagsúil a bheidh ar an airgead sin.
No comments