Written answers
Thursday, 6 April 2006
Department of Education and Science
Ionaid Oideachais
5:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 394: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an stádas atá ag na hionaid oideachais Gaeltachta faoi láthair, cá bhfuil siad suite, an bhfuil sé ar intinn aici iad a chur ar bhonn lánaimseartha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14147/06]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá líonra ionad oideachais á maoiniú ag mo Roinn. Tá na h-ionaid sin suite tríd an tír chun forbairt ghairmiúil agus tacaíocht a thabhairt d'oidí agus don phobal oideachais áitiúil. Déantar taighde chun riachtanais na n-oidí agus na scoileanna sa cheantar maguaird a aimsiú agus ansin cuirtear cursaí in-seirbhíse oiriúnacha ar fáil a fhreastalaíonn ar na riachtanais sin. Chomh maith leis sin, bíonn na hionaid oideachais rannpháirteach sna cúrsaí in-seirbhíse náisiúnta. Tá 21 ionad oideachais ag feidhmiú go lán-aimseartha agus naoi gcinn ag feidhmiú ar bhonn páirt-aimseartha. Tá trí cinn sna Gaeltachtaí seo a leanas: Chorca Dhuibhne, i gCiarraí, i gConamara agus Árann agus i gCort a'Choirce, i nDún na nGall. Is é tuairim mo Roinne ná go bhfreastalaíonn na h-ionaid oideachais seo ar riachtanais oidí na tíre maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach.
No comments