Written answers

Wednesday, 5 April 2006

Department of Education and Science

Tuarascáil Ranna

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 101: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil tuarascáil Harris ar an Ghaeilge scrúdaithe aici go fóill, cad iad na príomh-mholtaí atá sa tuarascáil, cén uair a bheas an tuarascáil á foilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina taobh. [13181/06]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tagraíonn an Teachta don tuarascáil Irish in Primary Schools: National Trends in Achievement (1985-2002) atá curtha ar fáil ag an Dr. John Harris agus a mhaoinigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Ní mór leagan Gaeilge agus Béarla den tuarascáil a fhoilsiú go comhuaineach agus tá leagan Gaeilge á ullmhú faoi láthair. Ní fada go mbeidh sé seo ar fáil. Tá sé ar intinn agam an tuarascáil a fhoilsiú roimh dheireadh mhí na Bealtaine. Idir an dá linn tá deis agam príomhthorthaí agus moltaí na tuarascála a mheá agus beartanna a ullmhú mar thaca don Ghaeilge sa chóras oideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.