Written answers
Thursday, 23 March 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Tuaraiscáil na Roinne
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 148: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén costas a bhí ar an leagan Béarla is déanaí de Thuarascáil Bhliantúil na Roinne agus san áireamh air sin briseadh síos ar gach costas ullmhúcháin agus déantúis, costais foirne, costais chlódóireachta, grianghraf agus deartha agus gach uile chostas eile a bhain lena cur ar fáil agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11476/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ní miste a mhíniú don Teachta gur foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil mo Roinne-se do 2004 i bhfoirm iomlán dhátheangach agus ní bheadh sé indéanta na costais a bhain leis an ngné Béarla amháin a dheighilt amach.
Costas iomlán thart ar €24,180 a bhain leis an dTuarasáil mar seo a leanas:
€ | |
Dearadh agus clóchur/leagan amach | 6,711 |
Aistriúchán agus profú | 3,396 |
Grianghrafanna | 1,198 |
Clóbhualadh | 10,880 |
Costais ilghnéitheacha eile | 1,998 |
Bhí foireann as gach rannán líne i mo Roinnse bainteach le hullmhú an doiciméid, maraon le foireann ón rannán corparáideach. Óir an t-ullmhú seo a bheith ag dul ar aghaidh i dteannta le tascanna laethúla eile, ní bheadh sé indéanta briseadh síos réalaíoch a dhéanamh ar na costais a bhain leis an ngné sin den phróiseas. Bheadh na costais seo suntasach i gcomhthéacs na gcostas iomlán a bhain le réiteach na Tuarascála.
No comments