Written answers

Tuesday, 21 March 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Fóram na Gaeilge

8:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 67: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh an chéad chruinniú eile ag Fóram na Gaeilge, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [10820/06]

Photo of Mary UptonMary Upton (Dublin South Central, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 89: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth gur athraigh ról agus fócas Fhóram na Gaeilge de réir a chéile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [10821/06]

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 119: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé go bhfuil an iomarca daoine ar Fhóram na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [10818/06]

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 120: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach dtuigeann cuid mhaith de bhaill Fhóram na Gaeilge cén ról díreach atá ag an bhFóram; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [10822/06]

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 124: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé go bhfuil an momentum caillte ag Fóram na Gaeilge, nach bhfuil aon dul chun cinn déanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [10819/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 67, 89, 119, 120 agus 124 le chéile.

D'fhógair mé ar 30 Nollaig 2005 go raibh an coiste comhairleach a bhunaigh mé i 2002 chun comhairle a chur orm maidir le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta nasctha le Fóram na Gaeilge, a bunaíodh i mí Iúil 2004. Mar gheall air go bhfuil forbairt na Gaeilge agus na Gaeltachta fite fuaite agus go raibh comóntacht shuntasach ann i gcomhdhéanamh an fhóraim agus an choiste faoi seach, rinneadh an cinneadh ag cruinniú den fhóram i mí Aibreáin 2005 go ndéanfaí an dá ghrúpa a nascadh le chéile. Níl amhras ar bith orm ach go gcuirfidh an beart seo go mór le héifeacht an fhóraim trí chéile nuair a smaoinítear ach go háirithe go mbeidh ionadaíocht ag na páirtithe leasmhara cuí air, sa chomhthéacs náisiúnta agus Gaeltachta araon. Cuideoidh sé seo, i mo thuairim, le comhordú, comhoibriú agus comhpháirtíocht níos fearr a chothú i measc na bpáirtithe faoi leith atá páirteach san fhóram.

Bhí plé go dtí seo ag an bhfóram, i measc ábhair eile, ar inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge. Mar atá mínithe agam don Teach cheana féin mar fhreagra ar cheisteanna eile faoin ábhar seo, tá an tsaincheist maidir lena thábhachtaí is a bheadh ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tar éis teacht chun cinn mar ábhar tosaíochta sa chomhthéacs sin. Tá bailchríoch á chur faoi láthair ar cháipéis chun na críche sin, a chuirfear os comhair an fhóraim ag an gcéad chruinniú eile. Tá súil agam nach fada go dtionólfar cruinniú dá leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.