Written answers

Tuesday, 7 March 2006

Department of Education and Science

Institiúid Teangeolaíochta Éireann

11:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 511: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth ar cuireadh an institiúid teangeolaíochta ar ceal, cén t-eagras Stáit atá ag déanamh na hoibre a bhíodh ar siúl ag an institiúid anois; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8933/06]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ag cruinniú ginearálta urghnách ITÉ, a tionóladh i mí Iúil 2003, d'aontaigh an cuideachta go mba cheart tús a chur le próiseas maidir le leachtú deonach na cuideachta. Rinneadh an cinneadh sin i gcomhréir lena meamram agus airteagail chomhlachais chomh maith le dlí cuideachtaí cuí. Tuigtear dom, ar an 5ú Nollag 2003, d'aontaigh coiste feidhmiúcháin ITÉ clár-ama do cheapachán an leachtaitheora, agus ceapadh é ar an 9 Eanáir 2004

Tá gealltanas tugtha ag an Roinn gach cabhair a thabhairt don chomhlacht an próiseas sin a chur i gcrích, i gcomhpháirtíocht le foireann na hinstitiúide, agus tá an Roinn ag obair go dlúth leis an leachtaitheoir maidir leis seo ó cheapadh é. Mar pháirt den obair sin, táthar ag féachaint ar na féidearthachtaí atá ann maidir le leanúint ar aghaidh le gníomhachtaí taighde áirithe a bhíodh á ndéanamh ag an institiúid agus chomh maith leis sin tá socruithe á ndéanamh maidir lehathleagan amach foirne nó socruithe eile cuí dóibh, i gcomhréir le polasaí ginearálta na seirbhíse poiblí agus faoi réir chomhaontú na Roinne Airgeadais, chun próiseas leachtaithe dea-riartha a chur i gcrích.

Tá an chuid is mó den fhoireann athleagtha amach cheana féin agus tá an Roinn fós ag féachaint ar na féidearthachtaí atá ann do na baill foirne atá fágtha. Cinnfidh na coinníollacha ina gconarthaí, teidlíochtaí na mbaill foirne nach ndéanfar socruithe cuí dóibh maidir lehathleagan amach foirne. Nuair a chuirfear an próiseas leachtaitheora i gcrích ina iomlán tiocfaidh deireadh leis an ITÉ go foirmiúil. Is féidir leis an Roinn taighde a mheastar riachtanach, ó thaobh cheapadh beartais maidir le múineadh agus foghlaim teangan de, a fháil ó chuid mhaith áiteanna, cosúil leis na hinstiúidí tríú leibhéil agus institiúidí taighde eile cosúil leis an bhForas Taighde Oideachais, ERC. Tugann foireann ITÉ a saineolas leo agus tá cuid acu fós ag obair ar thionscadail coimisiúnaithe ag an Roinn.

Tá mo Roinn lán-sásta go bhfuil an inniúlacht fós ann chun taighde den chéad scoth a dhéanamh ar gach gné den oideachas agus forbairt teangeolaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.