Written answers

Tuesday, 14 February 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Scéim na mBoithre

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 462: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an méid airgid a cheadaigh a Roinn le haghaidh bóithre ar Árainn Mhór, Contae Dún na nGall, i rith na bliana 2005, cad iad na bóithre a deisíodh agus cén méid a caitheadh ar gach bóthar acu sin. [5417/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cheadaigh mo Roinnse deontas iomlán de €226,150 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 2005 chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar aon bhóthar déag ar Oileán Árainn Mhóir. Tá sonraí na ndeontas sin, chomh maith le briseadh síos ar an gcaiteachas go data, sa tábla leis seo.

Oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre ar Oileán Árainn Mhóir, Contae Dhún na nGall, i 2005
Ainm an Bhóthair Ceadaithe 2005Íoctha 2005
â'¬â'¬
Cosaint chósta a neartú taobh leis an bhóthar ag Trá Aphoirt 3,750 0
Ón phríomhbhóthar go bóthar áise i mBaile na Sratha 5,600 0
Bóthar áise i bPlochóg 9,100 0
Bóthar áise i Screig 10,800 0
Ón phríomhbhóthar ag Scréig an tSeabhaic go dtí teach áirithe i bPoll a' Mhadaidh 11,900 0
An Cuarbhóthar — paistí briste a athchóiriú agus dromchla tarra a chur orthu 15,000 0
Bóthar Bhaile Ard, cóiriú a dheanamh ar an chuid den bhóthar a thit isteach agus an balla coinneála a dheisiú. 15,000 15,000
An bóthar ó chrosbhóthar Pholl a' Mhadaidh a cheangal leis an gcuarbhóthar ag an Stáisiún RNLI 20,000 20,000
Bóthar áise i Leab Garbh 35,000 0
Droichead Bhaile na Trá go hAphort a dheisiú 40,000 0
Bóthar áise i bhFál a' Ghabhann a dheisiú 60,000 60,000
Iomlán 226,150 95,000

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.