Written answers

Wednesday, 8 February 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Turasóireacht sa Ghaeltacht

10:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 118: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil ról ar bith aige i gcur chun cinn na Gaeilge do chuairteoirí a thagann go hÉirinn ag lorg cultúir faoi leith. [4445/06]

Photo of Noel AhernNoel Ahern (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táim cinnte go n-aontóidh an Teachta liom go bhfuil saibhreas cultúrtha ar leith fréamhaithe i dteanga na Gaeilge, an teanga is ársa san Eoraip ar an dtaobh thuaidh de Shléibhte na nAlp, ó thaobh labhartha agus scríofa de. Tá tábhacht ar leith leis an ilghnéitheacht teangacha don oidhreacht chultúrtha agus do shaibhreas coiteann an chine dhaonna sa saol atá inniu ann.

Tá fógartha ag mo Roinn le déanaí go bhfuil fo-chiste bunaithe chun tacú le cúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéil thar lear. Tá líon áirithe de choláistí tríú leibhéil thar lear gníomhach cheana féin le cláracha don Ghaeilge agus do na staidéir Cheilteacha laistigh dá bhforais féin agus tá spéis léirithe acu i bhforbairt na gcláracha sin. Cothaíonn cláracha dá leithéid dea-thoil d'Éirinn sna tíortha sin thar lear. Go deimhin, tagann cuid mhór de na scoláirí a bhíonn páirteach sna cláracha seo ar chuairt go hÉirinn agus is minic go leanann ceangail caradais agus tuiscint ar thabhartas uathúil cultúrtha ár dtíre as an bpáirtíocht seo. Ag eascairt as an tionscnamh nua atá fógraithe, bheifí ag súil le tuilleadh scoláirí fós ag teacht go hÉirinn amach anseo.

Is fiú a lua chomh maith go dtugtar cúnamh ó mo Roinnse faoin scéim chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht do dhaoine fásta do choistí cáilithe atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta agus ag eagrú cúrsaí Gaeilge aitheanta do dhaoine fásta. Is féidir glacadh le daoine a bhfuil cónaí orthu laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht orthu, chomh maith leo siúd nach Éireannaigh iad, mar dhaltaí faoin scéim seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.