Written answers
Wednesday, 8 February 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Gaeilge
10:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 163: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh na 330,000 téarma nua Gaeilge atá le cur ar fáil ag Coiste Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge ullamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4410/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don bhunachar náisiúnta téarmaíochta atáá réiteach ag FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, le páirtmhaoiniúó Fhoras na Gaeilge. Tuigim ón bhforas go gcuirtear an obair sa chás seo faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta go míosúil. Tá obair ghlantacháin ar siúl faoi láthair ar an dtéarmaíocht atá ionchurtha go dtí seo agus leanfar ar aghaidh leis an bpróiseas sin go dtí an samhradh. Tá sé i gceist ag FIONTAR réamh-leagan den bhunachar a chur amach beo ar an Idirlíon i mí Mheán Fómhair na bliana seo. As sin go Márta 2007, tuigim go mbeifear ag plé le ceisteanna nó deacrachtaí a eascróidh as aiseolas ón bpobal.
No comments