Written answers
Wednesday, 8 February 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Polasaí Gaeilge an Rialtais
10:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 148: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseoidh an Rialtas an ráiteas atá geallta aige ar an nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [4409/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, iarradh tuairimíó chomhaltaí Fhóram na Gaeilge sa bhliain 2005, i gcomhthéacs an róil chomhairleoireachta a tugadh don ghrúpa, maidir le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt don Ghaeilge agus tosaíochtaí gaolmhara gearr-théarmacha agus tá obair ar na ceisteanna sin idir lámha.
Mar atá mínithe agam don Teach cheana féin mar fhreagra ar cheisteanna faoin ábhar seo, bhí plé go dtí seo ag an bhFóram, i measc rudaí eile, maidir le cé chomh hinmholta is a bheadh plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge.
Tá an cheist maidir le ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tar éis teacht chun cinn mar ábhar tosaíochta sa chomhthéacs sin agus tá dul chun cinn suntasach bainte amach le déanaí chun an cheist sin a thabhairt chun cinn. Tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoin ábhar seo go luath.
No comments