Written answers
Wednesday, 8 February 2006
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Polasaí Gaeilge an Gharda Síochána
10:00 pm
Mary Upton (Dublin South Central, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 139: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén moladh a rinne sé le Coimisinéir an Gharda Síochána maidir le hinimirceoirí a bheadh ag iarraidh poist sna Gardaí do dhéanamh dianchúrsa trí mhí chun Gaeilge a fhoghlaim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4411/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a fógraíodh roimhe seo, bunaíodh grúpa oibre idir-rannach chun féachaint ar chur chuige oiriúnach a mholadh ó thaobh riachtanais Gaeilge sa chóras oiliúna de chuid an Gharda Síochána de. Bunaíodh an grúpa i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh chun a chinntiú go mbeidh deiseanna earcaíochta ag daoine ó phobail atá nuabhunaithe le blianta beaga anuas in Éirinn.
Tá, dar ndóigh, malartú tuairimí agus moltaí mar chuid lárnach den idirphlé idir-rannach sin agus níl sé i gceist agam aon tagairt phoiblí a dhéanamh ina leith roimh chinneadh a bheith déanta. Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, i gcomhairle leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus le mo Roinnse, mionsonraí na riachtanas oideachais Gaeilge do ghardaí faoi oiliúint a thabhairt chun críche go luath.
No comments