Written answers

Wednesday, 8 February 2006

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Forbairt na nOileán

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 136: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le haerstráice a thógáil ar Oileán Thoraí: agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4402/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

TáÚdarás na Gaeltachta i mbun oibre réamh-phleanála i gcomhair aerstráice a thógáil ar Oileán Thoraí le cúpla bliain anuas. Ag eascairt ón obair seo, fuarthas cead pleanála don fhorbairt ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 2004.

Tá an cuardach chun úinéirí an talaimh a aimsiú críochnaithe anois ag an Údarás. Beidh oifigigh mo Roinne-se i dteagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall go luath maidir leis na horduithe ceannacháin éigeantaigh a theastaíonn a chur i bhfeidhm chun an talamh don fhorbairt a cheannach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.