Written answers
Thursday, 2 February 2006
Department of Education and Science
Ionad Náisiúnta Gaeilge
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 210: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén toradh go sonrach atá ar na cainteanna (féach freagra an Aire dar dáta 8 Samhain 2005) a tharla idir a hoifigigh agus oifigigh shinsearacha ó pháirtithe leasmhara na n-eagras reachtúil Gaeilge maidir le forbairt chomhordaithe an Ionaid Náisiúnta Gaeilge (Baile Bhuirne) ar bhonn práinne i láthair chaiteachas na Roinne ar an togra go dtí seo agus i láthair fógraí iomadúla faoin togra ó cheathrar Aire Rialtais le sé bliana anuas. [3794/06]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá an cheist seo á plé faoi láthair i gcomhthéacs na moltaíón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ní mór machnamh breise a chaitheamh leis an raon leathan moltaí atá faoi mo bhráid agus go háirithe an aighneacht is déanaíón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta sar ar féidir cinneadh cinnte a dhéanamh maidir leis an dtógra atá faoi chaibidil i mBaile Mhúirne.
No comments