Written answers
Thursday, 15 December 2005
Department of Education and Science
Tionscnamh Tógáil Scoile
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 58: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas sa Roinn i gcomhair deisiú agus méadú a dhéanamh ar scoil (sonraí tugtha), an bhfuil an cás á mheas faoi láthair, cén uair a dhéanfar cinneadh i dtaobh dul ar aghaidh leis an obair agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39386/05]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ta an scoil a luaigh an Teachta ag céim luath den phleanáil ailtireachta.
Níos túisce i mbliana d'fhógair mé mionsonraí de 124 scoil a bhrostófaí tríd an gcéim phleanála ailtreachca agus ina measc siúd bhí an tionscadal le síneadh a chur leis an scoil seo. Scríobh oifigigh mo Roinne le húdaráis na scoile ar 31 Lúnasa den bhliain seo le hiliomad ceisteanna ar ghá dul ina gceann agus iad a chorprú in aighneacht chéim trí — mionphleananna/mionchostais. Bhí mo Roinn i dteagmháil le húdaráis na scoile agus is eol dúinn go raibh cruinniú ag an scoil lena bhfoireann dearaidh ar 23 Samhain seo caite d'fhonn freagra a phleanáil ar na ceisteanna a tógadh sa litir dar dáta 31 Lúnasa agus táthar ag feitheamh ar fhreagra.
Breithneofar brostú na dtionscadal ar aghaidh go dti tógáil i gcomhtheacs an chlár foirgnimh agus nua-chóirithe 2005-2009.
No comments