Written answers
Wednesday, 14 December 2005
Department of Education and Science
Oideachas trí Ghaeilge
11:00 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 319: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dearcadh atá aici féin agus cén dearcadh atá sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta i leith thuarascáil Murray (sonraí tugtha); ina theannta sin, cén dul chun cinn atá déanta laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun na moltaí atá sa tuarascáil a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39602/05]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Foilsíodh an tuarascáil a luaigh an Teachta ag an gCoimisiún um Chóiríocht Scoile. Sa tuarascáil gheofar creat de na príomhcheisteanna chomh maith le roinnt moltaí ar sholáthar oideachais dara leibhéil trí mheán na Gaeilge. Tá an tuarascáil á scrúdú i mo Roinnse i láthair na huaire i gcomhthéacs phróiseas leasaithe a chur ar bun faoina dtabharfaí aitheantas do na scoileanna dara leibhéal Gaeilge go léir.
No comments