Written answers
Wednesday, 14 December 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Cúrsaí Gaeilge
11:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 246: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon deontais ar fáil do ghrúpaí pobail ón Roinn nó ó na heagrais a dtugann sé maoiniú dóibh chun aosaigh a thabhairt ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. [39364/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoin scéim chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht do dhaoine fásta atá á reáchtáil ag mo Roinnse, is féidir deontas a íoc le coistí iontaofa a bhíonn ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus a eagraíonn cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta inti. Tá an scéim seo dírithe ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht go príomha agus a bhfuil suim acu sa teanga agus sa chultúr Gaelach. Deontas nach rachaidh thar €19.05 a bhíonn i gceist i leith gach rannpháirtí a fhreastalaíonn ar chúrsa nach lú ná sé lá agus deontas nach rachaidh thar €38.10 i leith gach rannpháirtí a fhreastalaíonn ar chúrsa nach lú ná 12 lá.
Maidir le heagraíochtaí eile faoi scáth mo Roinne-se, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go gcuirtear tacaíocht ar fáil do réimse beartas foghlama Gaeilge do phobal na Gaeltachta agus go bhfuiltear páirteach i gcúrsaí iarchéime san aistriúchán agus sa Ghaeilge fheidhmeannach i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal. Glactar le hiarratais ó dhaoine laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht ar na cúrsaí sin. Maidir le Foras na Gaeilge, tuigtear dom nach dtugann an foras cúnamh díreach do chúrsaí ach go gcuirtear maoiniú ar fail d'eagraíochtaí áirithe — Oideas Gael agus Gael-Linn, mar shampla — a eagraíonn cúrsaí sa Ghaeltacht do dhaoine fásta.
No comments