Written answers

Tuesday, 13 December 2005

Department of Finance

Oileáin amach ón gCósta

11:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)
Link to this: Individually | In context

Question 81: To ask the Aire Airgeadais an ndéanfaidh sé ráiteas iomlán ar gach gné den socrú idir an Stát, comhlacht príobháideach (sonraí tugtha) agus úinéirí talún maidir le riaradh an Bhlascaoid Mhóir i gCorca Dhuibhne. [37193/05]

Tom Parlon (Laois-Offaly, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context

Is iad an dá cháipéis a bhfuil riar an oileáin amach anseo bunaithe orthu tuairisc an fhóraim, Eanáir 2002, agus plean bainistíochta an Bhlascaoid Mhóir, a críochnaíodh i Meán Fómhair 2004, agus a dréachtaíodh de bhun mholtaí thuairisc an fhóraim. Iarradh ar pháirtithe uile a raibh baint acu leis ionchur a dhéanamh i bpróiseas an fhóraim agus is ar bhonn comhaontaithe a rinneadh a mholtaí maidir leis an mbealach chun cinn. Cuireann an plean bainistíochta, a dréachtaíodh i gcomhairle le húinéirí maoine ar an oileán, moltaí thuairisc an fhóraim i bhfeidhm agus leagann amach moltaí maidir le gach gné de thodhchaí an Oileán. Déanfaidh mé cóip den doiciméad seo a sheoladh chuig an Teachta.

Lorgaíodh comhairle Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit maidir le cur i gcrích na moltaí seo, ceannach na talún agus teacht ar an oileán san áireamh. Tá cead ón Rialtais ann do mhaoiniú €8.5 milliún ina iomlán do chur i bhfeidhm na moltaí a léirítear sa phlean bainistíochta a chuimsíonn: ceannach talún agus maoine; soláthar céanna ar an oileán agus ar an míntír,ag Dún Chaoin, araon; caomhnú an chroícheantair chaoimhnithe; riarachán; comhairliú. Go dáta tá caiteachas ann de €711,000 ar an togra iomlán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.