Written answers
Tuesday, 13 December 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Stádas Oifigiúil na Gaeilge
11:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 329: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó gur dúradh ag cruinniú i bParlaimint na hEorpa leis na feisirí parlaiminteacha Éireannacha nach bhféadfaí a chinntiú go mbeadh Stádas Oifigiúil san Aontas Eorpach i bhfeidhm ina iomláine ó Eanáir 2007 de thairbhe an ghanntanais aistritheoirí, agus go raibh an dualgas ar an Rialtas seo a chinntiú go raibh go leor aistritheoirí cáilithe ar fáil, agus go bhfuil sé i gceist dá réir sin an dáta feidhmithe do Stádas na Gaeilge a chur ar athló. [38918/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 330: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó an bhfuil go leor aistritheoirí ann chun a chinntiú go mbeidh stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach i bhfeidhm ina iomláine ó Eanáir 2007. [38919/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaigh mé Ceisteanna Uimh. 329 agus 330 le chéile.
Faoi mar a thuigfidh an Teachta, níl aon fhreagracht orm mar Aire i ndáil le rudaí a dúradh, nó a thuairiscítear a dúradh, ag cruinnithe i bParlaimint na hEorpa.
Níl aon ról agam ach an oiread maidir le cúrsaí earcaíochta do phostanna sna hinstitiúidí Eorpacha. Tugtar le fios dom, áfach, go bhfuil réamh-obair tosaithe ag na hinstitiúidí maidir le hearcú daoine le cáilíochtaí sa Ghaeilge, ach níl aon fheachtas earcaíochta tosaithe ina leith sin go fóill.
Tig leis an Teachta glacadh leis, ar ndóigh, go mbeidh an Rialtas sásta gach tacaíocht is féidir a chur ar fáil chun a chinntiú go gcloífear leis an dáta feidhme de 1 Eanáir 2007 do stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
No comments