Written answers
Tuesday, 29 November 2005
Department of Environment, Heritage and Local Government
Acht Pleanála 2000
9:00 pm
Pádraic McCormack (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 69: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, i bhfianaise chinneadh stairiúil an Bhoird Pleanála maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi Alt 33 den Acht Pleanála 2000 a cheanglóidh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar le gur féidir ráiteas tionchar teanga neamhspleách a ullmhú maidir le gach forbairt a bheartófar i limistéir Ghaeltachta. [30699/05]
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 89: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an ndéanfaidh sé rialacháin faoin Acht Pleanála 2000 a chuirfidh ceangal ar fhorbróirí an fhaisnéis is gá a fháil chun ráiteas teanga a dhéanamh maidir le forbairtí Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30722/05]
Dick Roche (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 69 agus 89 le chéile.
Ní mór do údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoi réir acu faoi Alt 10(2)(m) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 aidhmeanna a bheith acu sa phlean forbartha um oidhreacht theangeolaíochta agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, agus cur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail san áireamh. Caithfidh na húdaráis phleanála, agus An Bord Pleanála ar achomharc, na haidhmeanna seo a thabhairt san áireamh agus cinnidh á ndéanamh acu ar iarratais phleanála. Tá mé sásta go bhfuil na forálacha seo ag feidhmiú go maith i leith cosaint cúrsaí teangeolaíochta agus cultúrtha sa Ghaeltacht. Dá bharr, níl sé i gceist agam rialacháin a dhéanamh chun measúnacht tionchar teanga a thabhairt isteach.
No comments