Written answers

Tuesday, 22 November 2005

Department of Justice, Equality and Law Reform

Teangacha Oifigiúla

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 513: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an bhfuil sé i gceist aige leas a bhaint as Teastas Eorpach na Gaeilge arna fhorbairt ag Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad agus atá bunaithe ar an bhFráma Coiteann chun a chinntiú ar bhonn eolaíoch go mbeidh leordhóthain Gaeilge ag gach comhalta den Gharda Síochána ag deireadh a gcúrsa traenála dhá bhliain chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh sa dá theanga oifigiúla. [30698/05]

Photo of Michael McDowellMichael McDowell (Dublin South East, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context

Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, i gcomhairle le mo Roinnse agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Ó Cuív, mionsonraí na riachtanas oideachais Gaeilge de chuid Gardaí faoi oiliúint a thabhairt chun críche go luath.

Déanfar an cúrsa a chuireann Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, ar fáil a scrúdú sa chomhthéacs thuas, i measc cúrsaí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.