Written answers

Tuesday, 22 November 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta

10:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 445: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil tuarascáil an athbhreithnithe a rinneadh ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta faighte ag an Aire agus cathain atá sé i gceist aige í a sheoladh nó a fhoilsiú, i dtreo is gur féidir í a phlé san atheagrú atá tosnaithe chun an eagraíocht a neartú ar mhaithe leis an oideachas Gaeltachta agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina taobh. [35116/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta thar ceann mo Roinne i 2004. Níl i gceist an tuarascáil a d'eascair ón athbhreithniú sin a fhoilsiú ach tá cóip di curtha ar fáil agam don Teachta.

Idir an dá linn, i gcomhráite idir mo Roinnse agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, aontaíodh go bhfuil gá le hatheagrú mar atá molta sa tuarascáil. Tá an t-ábhar seo á phlé ag an eagraíocht faoi láthair le cúnamh ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus go dtiocfar ar ais chuig mo Roinnse le moltaí nuair a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.