Written answers
Tuesday, 15 November 2005
Department of Education and Science
Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna
9:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 551: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil a fhios aici nach bhfuil ach 20 de 30 scoil iar-bhunscoile sa Ghaeltacht ag múineadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge; agus an raibh cainteanna aici leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi sin. [33966/05]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi láthair tá 29 scoil iarbhunoideachais lonnaithe sa Ghaeltacht. De réir na bhfilleachán atá curtha chun na Roinne seo, tá an Ghaeilge luaite mar mheán teagaisc do na hábhair uile i 20 scoil díobhsan. Cuireadh liosta na scoileanna seo ar fáil don dTeachta ag éirí as ceist uaidh roimhe seo.
Ní bhfuair mo Roinn aon iarratas chun dul i mbun cainte leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le rangú na scoileanna sna limistéir Ghaeltachta.
No comments