Written answers

Tuesday, 8 November 2005

Department of Education and Science

Bunscoileanna sa Ghaeltacht

8:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 622: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil a fhios aici nach bhfuil ach 106 as 139 de na bunscoileanna sa Ghaeltacht ag múineadh go hiomlán trí Ghaeilge, an raibh cainteanna aici leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, faoi seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas faoin ábhar. [30723/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Léiríonn na tuarascálacha a deineadh ar oideachas Gaeltachta le blianta anuas go bhfuil éirithe leis an Stát córas bunoideachais agus iar-bhunoideachais trí mheán na Gaeilge a chruthú sa Ghaeltacht, ach go bhfuil an córas sin go mór faoi bhrú faoi láthair de bharr na gcúinsí teanga ina bhfuil sé ag feidhmiú. Eascraíonn na deacrachtaí go háirithe le 50 bliain anuas as na hathruithe atá tagtha ar phatrúin teanga an phobail a fhágann go bhfuil an scoil Ghaeltachta agus an múinteoir Gaeltachta ag déileáil le grúpaí suntasacha de dhaltaí nach í an Ghaeilge a máthairtheanga. Bíonn an Béarla in usáid mar mheán teagaisc ar uairibh chun freastal orthu san nach bhfuil ach an beagán Gaeilge acu, cé go bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Ní mór a chur san áireamh gur scoileanna beaga iad formhór bhunscoileanna na Gaeltachta. Go dtí le déanaí nuair a cuireadh tús leis an scéim chomhtháite Gaeilge "Séideán Sí", bhí a lán acu faoi mhíbhuntáiste ó thaobh áiseanna de agus freisin bhí deacrachtaí faoi leith acu múinteoirí a mhealladh le cur isteach ar phostanna atá á dtairiscint acu agus teacht ar mhúinteoirí atá toilteanach agus lán-ábalta teagasc go muiníneach trí mheán na Gaeilge.

Tá na scoileanna ag cur fáilte is fiche roimh Séideán Sí agus taitníonn an treallamh go léir a ghabhann le Séideán Si leis na múinteoirí agus leis na daltaí, agus freisin tá éileamh ar Séideán Sí ins na gnáthscoileanna. Toisc gur cúrsa comhtháite atá i gceist, tá na scileanna go léir teanga á bhfeidhmiú ar bhealach a chuireann tús le húsáid na Gaeilge ó thaobh chúrsaí cumarsáide agus chúrsaí taitnimh de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.