Written answers
Wednesday, 2 November 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Calafoirt agus Céanna
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 432: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh obair feabhsúcháin a dhéanamh ar an ché ar Inis Meáin, Dún na nGall; cad é an obair atá le déanamh; cad é costas measta na hoibre agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32008/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá iarratas á mheas ag mo Roinnse i láthair na huaire ar fhorbairt na céibhe seo faoi scéim na gcéibheanna beaga sa Ghaeltacht. Tá costas measta de €180,000 curtha ag Comhairle Chontae Dhún na nGall ar na hoibreacha atá i gceist, ina measc síneadh ar an gcéibh mar aon le fáinní tarrthála agus trealamh sábháilteachta a chur ar fáil. Sé an gnáth uasmhéid a chaithfear ar chéibheanna faoi scéim na gcéibheanna beaga ná€100,000.
No comments