Written answers

Wednesday, 2 November 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Fostaíocht Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 422: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atáá ndéanamh le tionscal a lonnú ar an Chaiseal i nGort an Choirce i nDún na nGall agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31544/05]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 423: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tionscail atá lonnaithe ar an Fhál Carrach i nDún na nGall, cad é an líon daoine atá fostaithe i ngach ceann acu agus an bhfuil pleananna ann le monarchana úra a bhunú nó breis fostaíochta a chruthú. [31548/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 422 agus 423 le chéile.

Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go bhfuil trí chomhlacht lonnaithe ar an eastát ar an bhFál Carrach i láthair na huaire agus go bhfuil fostaíocht iomlán de 24 post i gceist iontu mar atá léirithe sa tábla seo a leanas:

Comhlacht Carbhait Teo. Cora Tine Teo. Dermalogics Teo.
Líon post 3 17 4

Níl aon ghnó lonnaithe san fhoirgneamh ar an gCaiseal i nGort an Choirce san am i láthair.

Tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta a fhorbairt in iar-thuaisceart Dhún na nGall, chomh maith le bheith ag díriú ar pháirc ghnó Ghaoth Dobhair. Sa chomhthéacs sin, nuair atá príomhaithe nua á dtabhairt ar chamchuairt suíomh i nGaeltacht Dhún na nGall, tuigim go gcuirtear an Fál Carrach, Gort an Choirce agus ceantair eile san áireamh freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.