Written answers

Wednesday, 26 October 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 138: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 lena chinntiú go mbeidh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal ó chomhlachtaí poiblí mar ghnáthnós agus go mbeidh comharthaí a gcaitear airgead poiblí orthu dátheangach mar ghnáthnós faoi mar a tharlaíonn i dtíortha dátheangacha eile. [30700/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a thug mé le fios don Teach i bhfreagraí ar Cheisteanna Dála faoin ábhar seo cheana féin, tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóra Pharlaiminte, ar dhréacht de na Rialacháin a dhéanfar faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a bhaineann le húsáid na Gaeilge amháin, nó an Ghaeilge agus an Bhéarla le chéile, a rialú ar fhógairtí béil — cibé beo nó taifeadta — ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí. Chomh maith leis sin, tá comhairle á glacadh ag mo Roinnse le Ranna Rialtais eile mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm na Rialachán. Tá dul chun chinn suntasach déanta agus táim dóchasach go mbeidh mé in ann na Rialacháin a dhéanamh go gairid, le go dtiocfaidh siad i bhfeidhm, ar bhonn chéimiúil, go luath sa bhliain 2006.

Maidir le foirmeacha, ní faoi Rialacháin a thagann siad seo san Acht ach faoi na scéimeanna mar mhodhanna cumarsáide. Tá soláthar do fhoirmeacha dhá-theangacha déanta i scéimeanna atá faighte ag an Roinn go dáta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.