Written answers

Wednesday, 26 October 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Coláistí Samhraidh

9:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 135: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil an deontas a íocann a Roinn thar ceann na dteaghlach nó na mban tí a sholáthraíonn iostas do na mic léinn a fhreastalaíonn ar na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht ard a dhóthain; an bhfuil sé sásta go dtagann feabhas substaintiúil ar líofacht Ghaeilge na mac léinn céanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30724/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mé sásta go bhfuil an deontas a íoctar leis na teaghlaigh Gaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ard a dhóthain faoi láthair. Mhéadaigh mé an cúnamh sin i mbliana ó €8 go €9 in aghaidh an lae agus tá an deontas a bheidh iníoctha faoin scéim i 2006 faoi chaibidil ag mo Roinn faoi láthair.

Is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thugann aitheantas do choláistí Gaeilge samhraidh agus a íocann deontas caipitíochta leo. Is í an Roinn sin a cheadaíonn an clár teagaisc ins na coláistí freisin. Bíonn teagmháil rialta ag mo Roinnse leis an Roinn sin maidir le héifeacht na gcoláistí Gaeilge a fheabhsú agus bíonn cruinnithe rialta ag mo Roinn le lucht eagraithe na gcoláistí. Tá éilimh sheasmhach ar áiteanna sna coláistí le cúpla bliain anuas. Ag cur gach rud san áireamh, táim sásta go dtagann feabhas substaintiúil ar líofacht Ghaeilge na mac léinn a fhreastalaíonn ar na coláistí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.