Written answers
Wednesday, 26 October 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Ár dTeanga Nádúrtha Féin
9:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 109: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas atá ag éirí leis an bhfeachtas feasachta teanga Ár dTeanga Nádúrtha Féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30726/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, seoladh feachtas feasachta teanga dar teideal Ár dTeanga Nádúrtha Féin i mí Mheán Fómhair 2004. Bhí an feachtas — a rinne Údarás na Gaeltachta a bhainistiú thar ceann mo Roinne — dírithe go príomha ar thuismitheoirí sa Ghaeltacht le páistí san aoisghrúpa 0 go 5, chomh maith le tuismitheoirí Gaeltachta ag súil le páiste. Ba fheachtas ilmheánach a bhí ann comhdhéanta d'fhógraí teilifíse agus raidió, suímh idirlíon www.teangafein.ie, póstaeir agus leabhrán. Ón aiseolas a fuair mo Roinn ina leith i mí an Mhárta 2005, tá an dealramh ar an scéal go ndeachaigh an feachtas i bhfeidhm go dearfach ar na spriocghrúpaí.
Tuairiscíodh: gur thaitin an fógra raidió níos mó leis an bpobal ná aon ghné eile den fheachtas; gur léiríodh an-spéis sa suíomh idirlíon, a raibh 35,000 cuairt tugtha air faoi mí an Mhárta seo caite; agus go bhfuarthas go leor fiosraithe faoi ó gach cearn den tír.
Is díol suntais é ar cé chomh rathúil is a bhí an feachtas trí chéile go bhfuil feachtas fógraíochta nua eile, a thógann an t-aiseolas seo ar fad san áireamh, ar ndóigh, á ullmhú faoi láthair ag mo Roinnse. Beidh an feachtas nua dírithe an uair seo ar aos óg na Gaeltachta, san aoisghrúpa 13 go 25, agus táthar ag súil go dtosófar á chraoladh níos deireanaí i mbliana.
Ní miste a rá go dtagann na beartais phraiticiúla seo lena bhfuil molta i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus le cuspóirí mo Roinne trí chéile ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de.
No comments