Written answers

Wednesday, 26 October 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna

9:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 102: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh cainteanna aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar thuarascáil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30725/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, is í an tAire Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as cúrsaí oideachais, ar a n-áirítear cúrsaí scolaíochta sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs na freagrachta atá ormsa agus ar mo Roinnse i ndáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, áfach, bíonn teagmháil rialta leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus le hoifigigh a Roinne chun saincheisteanna ábhartha a phlé, ina measc bunscolaíocht agus meánscolaíocht sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.