Written answers
Wednesday, 26 October 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Foclóir Béarla-Gaeilge
9:00 pm
Mary Upton (Dublin South Central, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 100: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an bhFoclóir Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30721/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá curtha in iúl dom ag Foras na Gaeilge go bhfuil an t-aischur ar fad a bhaineann le céim a haon den tionscadal foclóireachta faighte ag an bhforas ón gconraitheoir. Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar na hábhair is déanaí atá curtha ar fáil ag an gconraitheoir agus táthar ag súil go mbeidh céim a haon curtha i gcrích go hiomlán faoi dheireadh na bliana.
Maidir le céim a dó den tionscadal — tiomsú agus scríobh an fhoclóra féin — tá conradh déanta ag Foras na Gaeilge leis an bhforas Riaracháin chun measúnú neamhspleách a dhéanamh ar bhainistíocht riosca maidir leis an gcéim sin agus táthar ag súil go mbeidh an measúnú sin curtha i gcrích laistigh de mhí. Chomh maith leis sin, tá pleanáil ar siúl ag an bhforas chun na hacmhainní daonna inmheánacha a earcú a bheidh riachtanach le tabhairt faoi chéim a dó.
No comments