Written answers
Tuesday, 18 October 2005
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Seirbhísí Phoist
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 430: To ask the Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh na zip-chóid nua in Éirinn bunaithe ar logainmneacha Gaeilge, is é sin, an bhfuil sé ar intinn aige an coimriú atá in úsáid sa chóras idirnáisiúnta ríomhaireachta a úsáid agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29218/05]
Noel Dempsey (Meath, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Táim sásta go dtabharfaidh úsáid phost-chódanna deis tairbhe do ghnó an phoist, do na seirbhísí poiblí, do lucht gnó agus don chustaiméir. Pléifidh sé freisin leis na fadhbanna a tharlaíonn nuair a bhíonn an t-ainm chéanna ar an seoladh áúsaid le haghaidh ionaid éagsúla.
Níl aon chinneadh déanta go fóill i dtaobh crot nó cuma beacht d'aon chóras phost-chódanna. Beidh ar chumas an bhoird togra post-chódanna réimse leathan samplaí a scrúdú agus cíoradh a dhéanamh ar chostais agus tairbhe mar chuid den obair sin. Tá sé i gceist go gceadóidh an córas atá beartaithe leanúint le húsaid an tseolta sa Bhéarla agus sa Ghaeilge mar atá faoi láthair beag beann ar an litriú agus go gcoimeádfar na logainmneacha agus ainmneach na mbailte fearainn. Ullmhaíodh tuarascáil dom chun ceist na bpost-chódanna a scrúdú agus bhí ceist na logainmneacha luaite sna téarmaí tagartha don togra.
No comments