Written answers

Tuesday, 11 October 2005

Department of Education and Science

Coláistí Samhraidh

9:00 pm

Photo of Dan BoyleDan Boyle (Cork South Central, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 50: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é a polasaí i leith fhorbairt na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [22732/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé mar pholasaí ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tacaíocht ar leith a thabhairt do choláistí samhraidh atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus i scoileanna cónaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Tugtar an tacaíocht seo do na coláistí samhraidh ar an ábhar go gcabhraíonn siad le scoláirí ag an mbunleibhéal, iarbhunleibhéal agus ag an tríú leibhéal. Cuireann na coláistí samhraidh lena gcumas ó thaobh foghlaim na Gaeilge, go háirithe an cumas tuisceana agus labhartha, dhá ghné atá go ríthábhachtach. Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil sna bealaíéagsúla seo a leanas: íoctar deontas i bhfoirm táillí teagaisc agus é bunaithe ar an rollachán i gcás daltaí a mbíonn cónaí orthu sa Ghaeltacht nó ag cur fúthu i gcoláiste cónaithe i rith an chúrsa. Toisc gur cúrsaí cónaithe iad seo bíonn teagmháil ag na scoláirí leis an nGaeilge an lá go léir.

Bíonn an Roinn sásta faomhadh a thabhairt do bhunú coláiste Gaeilge nua má fheictear di go bhfuil éileamh ann dá leithéid agus nach mbíonn freastal cuíá dhéanamh ar an gceantar sin cheana féin. Tarlaíonn séó am go ham go lorgaítear aitheantas mar seo agus déantar gach éileamh a iniúchadh ag cur na gcritéir thuas san áireamh.

Déantar cigireacht ar roinnt de na coláistí samhraidh gach bliain agus solátharaítear tuairiscí ar a gcuid oibre. Cuirtear na tuairiscí ar fáil do choistí bainistíochta na gcoláistí mar thaca chun a n-éifeacht ó thaobh seirbhísí a sholáthar do na scoláirí a fheabhsú. Foillsíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta olltuairisc bhliantúil ar an gcigireacht a dhéantar sna coláistí samhraidh. Nótaítear inti príomh-mholtaí na gcigirí do na coláistí samhraidh faoin gcaoi leis an gcaighdeán is fearr a bhaint amach. Cuireann an Roinn an-bhéim ar an obair seo.

Leagtar síos coinníollacha mar threoir do chúrsaí riaracháin agus teagaisc de sna coláistí samhraidh. Déantar athbhreithniú ar na coinníollacha go rialta agus cinntíonn an chigireacht go gcloítear leis na coinníollacha. Is bealach fiúntach é seo chun an caighdeán teagaisc agus foghlama a neartú mar ba chóir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.