Written answers

Tuesday, 11 October 2005

Department of Education and Science

Coláistí Samhraidh

9:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 446: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil aon staidéar déanta ar an bhfeabhas a thagann ar chaighdeán Gaeilge na mac léinn a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27795/05]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní dearnadh aon tástáil chórasach státurraithe ar an dul chun cinn a dhéanann mic léinn de thairbhe a dtréimhse i gcoláistí Gaeilge.

Déanann breis is 20,000 míle mac léinn freastal ar choláistí Gaeilge gach bliain agus déanann cigireacht na Roinne cigireacht ar thart ar 50% de na cúrsaí. Tugann mo Roinnse deontas substaintiúil do na coláistí má bhíonn aitheantas faighte acu roimh ré agus má shásaíonn siad an Roinn maidir le caighdeáin chearta cóiríochta, cúrsaí foirne, pleanáil curaclaim agus ceisteanna sábháilteachta. I gcás coláistí atá suite sa Ghaeltacht íocann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta deontas substaintiúil thar gceann na dteaghlach nó na mban tí a sholáthraíonn iostas do na mic léinn.

Nuair a fhiosraíonn na cigirí coláistí déanann siad iniúchadh ar phleanáil ag leibhéal na bainistíochta agus ag leibhéal an churaclaim agus na múinteoireachta. Féachann siad an bhfuil rialacha na Roinne á gcur i bhfeidhm. Caitheann cóiríocht agus áiseanna bheith ar chaighdeán cuí agus gan iad a bheith faoi bhun an chaighdeáin a fhógraítear do thuismitheoirí i litríocht an choláiste. Lorgaíonn na cigirí polasaithe ar ábhair mar shábháilteacht, árachas, riailbhéas agus bhulaíocht. Breathnaíonn siad ar an múinteoireacht, déanann siad idirghníomhú éigin leis na mic léinn agus déanann siad moltaí le haghaidh feabhsaithe. Breathnaíonn na cigirí ar na himeachtaí eagraithe a tharlaíonn san iarnóin, cluichí, spraoi cois trá, turasanna agus rl., agus ar na himeachtaí eagraithe istoíche, céilithe agus a leithéid; agus déanann siad moltaí ina leith, más gá.

Ina dhiaidh seo ar fad soláthraíonn an cigire tuairisc ar an gcúrsa ar son na Roinne agus seoltar cóip chuig údaráis an choláiste. Déantar trácht ar an obair seo i dtuarascáil reachtúil an phríomh-chigire 2001-2004 a foilsíodh níos luaithe i mbliana.

Níl sé beartaithe ag an Roinn aon triail fhoirmiúil teanga a dheanamh ar chaighdeán Gaeilge daltaí a théann ar choláistí samhraidh. Spreagann an Roinn gach coláiste chun modhanna measúnaithe a fhorbairt. Iarann coláiste eile ar na mic léinn féinmheasúnú a dhéanamh ar an bhfeabhas a tháinig orthu, agus ceistiúchán a líonadh ag deireadh an chúrsa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.