Written answers
Wednesday, 5 October 2005
Department of Environment, Heritage and Local Government
Caomhnú na Gaeilge
9:00 pm
Tony Gregory (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context
Question 325: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i bhfianaise cinnidh stairiúil an Bhoird Phleanála maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist ag an Aire rialacháin a dhéanamh faoi Alt 33 den Acht Pleanála 2000 a cheanglóidh ar lucht forbartha an fhaisnéis chuí a sholáthar chun go n-ullmhófaí ráiteas tionchar teanga neamhspleách maidir le gach forbairt mholta i limistéir Ghaeltachta. [26929/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 326: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i bhfianaise cinnidh stairiúil an Bhoird Phleanála maidir le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, an bhfuil sé i gceist ag an Aire rialacháin a dhéanamh faoi Alt 33 den Acht Pleanála 2000 a cheanglóidh ar lucht forbartha an fháisnéis chuí a sholáthar go n-ullmhófaí ráiteas tionchar teanga neamhspleách maidir le gach forbairt mholta i limistéir Ghaeltachta. [26943/05]
Dick Roche (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 325 agus 326 le chéile.
Faoi Alt 10(2)(m) den Acht Pleanála agus Forbartha, 2000, ní mór aidhmeanna faoi chosaint oidhreacht teangeolaíochta agus cultúrtha na Gaeltachta, agus faoi chuir chun cinn na Gaeilge mar theanga pobail, a bheith i measc aidhmeanna an phlean fhorbartha —áit a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceist. Caithfidh na húdaráis phleanála, agus An Bord Pleanála, na haidhmeanna seo a thabhairt san áireamh agus cinneadh á ghlacadh acu ar chásanna pleanála.
Tá mé sásta gur cuí na forálacha seo chun déileáil le cúrsaí teanga agus cultúrtha sa Ghaeltacht, ó thaobh pleanála de, agus níl sé i gceist agam tuilleadh rialachán a cheapadh.
No comments