Written answers
Wednesday, 5 October 2005
Department of Justice, Equality and Law Reform
Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí
9:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 285: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an bhfuil sé i gceist aige leas a bhaint as teastas Eorpach na Gaeilge arna fhorbairt ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus atá bunaithe ar an gcreat coiteann Eorpach chun a chinntiú, ar bonn eolaíoch, go mbeidh leordhóthain Gaeilge ag gach ball den Gharda Síochána ag deireadh a chúrsa traenála dhá bhliain chun a chuid dualgas a chomhlíonadh sa dá theanga oifigiúla . [26942/05]
Tony Gregory (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context
Question 290: To ask the Aire Dlí agus Cirt, Comhionnais agus Athchóirithe Dlí an bhfuil sé i gceist aige leas a bhaint as teastas Eorpach na Gaeilge arna fhorbairt ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad agus atá bunaithe ar an gcreat coiteann Eorpach chun a chinntiú ar bonn eolaíoch go mbeidh leordhóthain Gaeilge ag gach ball den Gharda Síochána ag deireadh a chúrsa traenála dhá bhliain chun a chuid dualgas a chomhlíonadh sa dhá theanga oifigiúla. [26928/05]
Michael McDowell (Dublin South East, Progressive Democrats)
Link to this: Individually | In context
Tógfaigh mé Ceisteanna Uimh. 285 agus 290 le chéile.
Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, i gcomhairle le mo Roinnse agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Éamon Ó Cuív, mionsonraí na riachtanas oideachais Gaeilge de chuid gardaí faoi oiliúint a thabhairt chun críche go luath. Déanfar an cúrsa a chuireann Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, ar fáil a scrúdú sa chomhthéacs thuas, i measc cúrsaí eile.
No comments