Written answers
Tuesday, 4 October 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Scéim na mBóithre Áise
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 386: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ar dheontas do bhóthar áise (sonraí tugtha), an gcomhlíonann an bóthar na coinníollacha le haghaidh deontais, cén t-ord tosaíochta a tugadh don iarratas, ar roghnaíodh an bóthar le haghaidh deontais nó an roghnófar é le haghaidh deontais agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26765/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá iarratas ar dheontas chun an bóthar seo a dheisiú idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair. Cuirfear san áireamh é i gcomórtas le hiarratais eile nuair a bheidh an chéad liosta eile de bhóithre áise á cheadú. Tá ord tosaíochta íseal, uimhir 3, tugtha ag an stiúrthóir don bhóthar.
No comments