Written answers
Tuesday, 4 October 2005
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Seirbhísí An Phoist
9:00 pm
Tony Gregory (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context
Question 324: To ask the Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil sé i gceist go mbeidh na zipchóid nua in Éirinn bunaithe ar logainmneacha Gaeilge; mar shampla, in ionad an ghiorrúcháin IE, atá in úsáid sa chóras idirnáisiúnta ríomhaireachta, a úsáid, go mbeadh an leagan dátheangach Ireland/Éire ann ar aon dul le cód na Fionlainne. [26348/05]
Noel Dempsey (Meath, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Táim sásta go dtabharfaidh úsáid post-chódanna deis tairbhe do ghnó An Phoist, do na seirbhísí poiblí, do lucht gnó agus don chustaiméar. Pléifidh sé freisin leis na fadhbanna a tharlaíonn nuair a bhíonn an t-ainm céanna ar an seoladh á úsaid le haghaidh ionad éagsúla. Tá sé i gceist go gceadóidh an córas atá beartaithe leanúint le húsaid an tseolta sa Bhéarla agus sa Ghaeilge mar atá faoi láthair, beag beann ar an litriú, agus go gcoimeádfar logainmneacha agus ainmneacha na mbailte fearainn. Ullmhaíodh tuarascáil dom chun ceist na bpost-chódanna a scrúdú agus bhí ceist na logainmneacha luaite sna téarmaí tagartha don togra.
No comments